Ceol clasaiceachFoirm ealaíne is ea an ceol clasaiceach a tháirgtear nó atá fréamhaithe i dtraidisiúin cheol an Iarthair, an ceol liotúirgeach (reiligiúnach) agus an ceol tuata san áireamh. Cé go n-úsáidtear téarma níos cruinne freisin chun tagairt a dhéanamh don tréimhse ó 1750 go dtí 1820 (an tréimhse Chlasaiceach), tá an t-airteagal seo mar gheall ar an réimse leathan ama ó thart ar an 11ú haois go dtí an lá inniu, an tréimhse Chlasaiceach agus tréimhsí éagsúla eile ina mheasc.[1] Noirm lárnacha noirm an traidisiúin seo, códaíodh iad idir 1550 agus 1900, ar a dtugtar tréimhse an chleachtaidh-choitianta. Seo a leanas mórthréimhsí ama na healaíne ceoil san Iarthair :
Déantar idirdhealú ar ealaín cheoil na hEorpa den chuid is mó ó go leor foirmeacha clasaiceacha neamh-Eorpacha agus ó roinnt gnéithe cheol pobail trí a córais cliathnodaireachta, atá in úsáid ó thart ar an 16ú haois ar aghaidh. Úsáideann cumadóirí cliathnodaireacht an Iarthair chun a chur in iúl don taibheoir na tuinairdí (m.sh., séiseanna, dordlínte, cordaí), luas, méadar agus rithimí an ghiota cheoil [2] [3][4]. Is féidir go mbeadh mar thoradh ar seo ná go mbeadh níos lú ama do chleachtais, a leithéid agus tobchumadóireacht agus ornáidíocht ad libitum, a n-éistear go minic sa cheol ealaín neamh-Eorpacha agus sa cheol pobail, agus stíleanna ar nós snagcheol agus gormacha. Difríocht eile a bhíonn ann ná cé go nglacann na stíleanna a bhfuil tóir orthu foirm an amhráin (strófach) nó a díorthú den fhoirm seo. Tagairtí
|