Eachtra Pheadair Schlemihl-an fear a dhíol a scáil
Is úrscéal gearr de chuid Adelebert von Chamisso é Eachtra Pheadair Schlemihl-an fear a dhíol a scáil, a scríobhadh i nGearmánis sa bhliain 1814. Aistríodh go Gaeilge é ag Piaras Béaslaí i dtús agus athfhoilsíodh é sa bhliain 2020 faoi eagrathóireacht Gabriel Rosenstock. An scéalDíolann Schlemihl a scáth don diabhal ar son mála a athlíonann le airgead chuile uair a úsáidtear é. Ach níl meas dá laghad ag duine ar bith air nuair a fhágtar gan scáth é. Scaireann a ghrá gheal uaidh de bharr an easnamh seo. Bheadh an diabhal sásta an scáth a athbhronnadh air dá dtabhradh sé a anam ar lámh dó. Ní mó ná sásta atá Schemihl leis an margadh sin agus chaitheann sé uaidh an mála draíochta. Ansin taistealaíonn sé an domhan mór i mbuataisí draíochta agus é ag baint taithneamh as an fhiadúlra. Réitíonn sé leis an chine daonna nuair a fhaigheann sé cúram in ospidéal agus é tinn. Ag deireadh thiar thall bíonn sé sona sásta ag baint suaimhneas as an nádúr gan scáth ar bith. |