Y Wladfa
Is é Y Wladfa (An Bhreatnais: [ə ˈwladva] "An Choilíneacht") an t-ainm atá ar na coilíneachtaí Breatnacha san Airgintín. Tháinig na chéad Breatnaigh sa bhliain 1865, agus tá siad lonnaithe ar chósta Chubut sa Phatagóin go háirithe. Meastar go raibh idir 1,500 agus 5,000 duine ann a raibh Breatnais acu sa bhliain 2012.[1][2] StairTosú na coilíneachta (1865)Bhí an smaoineamh chun coilíneacht Bhreathnach a chruthú ar dtús ag Michael D. Jones, fear mór Breathnach. Bhí eaglar air ag an am go raibh an Bhreatnais i mbaol sa mBreatain Bheag. Chuir sé seo isteach go mór ar an tUasal Jones, agus thosaigh sé ag smaoineamh ar Stát Breathnach. ![]() Bhunadh Porth Madryn agus Rawson sa mbliain 1865. Coilíniú (1866-1885)Bhí córas uisciúcháin déanta ag na Breathnaigh go tapa agus bhí fómhair torthúla acu. Bunaíodh Gaiman i1874 agus Trelew i 1886. Sna hAindéis (1885-1902)Chuaigh na Breathnaigh sna hAindéis agus bhunaigh siad Esquel agus Trefelín[3]. Bhí 4,000 Breathnach ina gcónaí san Airgintín ag deireadh 19ú haois. Fadhbanna in Chubut (1899-1915)Sna blianta 1880 agus 1899 d'fhág na tuilte in Rawson agus bailte eile faoi uisce agus thosaigh an coinscríobh. Mar sin chuaigh thimpeall 500 Breathnaigh go dtí Saskatchewan i gCeanada. Na 1960íTógadh damba trasna an Chubut sa mbliain 1963 chun na tuilte a stopadh sa ngleann. Sa mbliain 1965 bhí comóradh céad bliain acu sa Wladfa. Bhí daoine as an mBreatain Bheag ansan chun caidreamh maith a thógáil eatarthu. 21ú haoisTá 50,000 duine ann in Chubut (10% den daonra) de shliocht Breatnach.[4] Ón mbliain 2005 amach, taispeántar dragan dearg na Breataine Bige ar bhratach Porth Madryn. Ceiliúradh comóradh 150 bliain na coilíneachta sa mbliain 2015. Bhí Céad-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones, i láthair ann. Ainmneacha Breatnacha san Airgintín
Amhrán NáisiúntaIs é Gwlad Newydd y Cymry le Lewis Evans an t-amhrán náisiúnta. Ciallaíonn sé "Tír Nua na mBreatnach" agus tá sé bunaithe ar thiúin Hen Wlad Fy Nhadau (SeanThír m'Aithreacha), amhrán náisiúnta na Breataine Bige. Foinsí
|